English, Galego

Cheguei a Irlanda o luns de Pascua. Para este país é unha data moi importante, porque hai xa cen anos que deron o primeiro paso para constituirse como nazón soberana. Tiven a sorte de participar en moitos actos culturais relacionados co centenario: poesía, arte, historia… pero sen dúbida como mellor se coñece a un pobo é escoitando a súa música.

  

Gaeilge

Ba mhaith linn gach rath a ghuí ar Nuala Ní Fhlathúin atá roghnaithe le seal a chaitheamh sa bhFreaslainn mar chuid den togra Tosta.  Beith Nuala lonnaithe i Marrum, agus díreoidh sí ar shaothar a bheidh bunaithe ar thírdhreach agus ar theanga na Freaslainne.

Is as Conamara do Nuala agus tá sár-aithne ar a cuid oibre i measc an phobail sa taobh sin tíre.  Is í atá i bhfeighil ar an suíomh-idirlíon https://nuaealain.wordpress.com/  – tá an suíomh seo dírithe go hiomlán ar imeachtaí ealaíona in Éirinn.

  

Gaeilge

Deis a thabhairt d’Ealaíontóir am a chaitheamh sa san Fhreaslainn, agus deis a thabhairt dó nó di saothar a chruthú a thugann léargas ar theagmháil, tuiscint nó comhrá an ealaíontóra leis an bpobal teanga ina mbeidh sé/sí lonnaithe ar feadh na tréimhse cónaitheachta. Beidh an saothar a chruthaítear le linn na tréimhse cónaitheachta á léiriú mar chuid den togra TOSTA.

  

Gaeilge

Úsáidtear an téarma ‘Gaeltacht’ chun na ceantair sin in Éirinn ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomh theanga labhartha ag an gcuid is mó den phobal. Clúdaíonn an Ghaeltacht codanna leathana de chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Ghaillimh agus Chiarraí – iad uile ar an gcósta thiar – chomh maith le codanna de chontaetha Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge. 

  

Gaeilge

Labhraítear an Ghaeilge mar theanga an phobail i gceantair Ghaeltachta in Éirinn (thart ar 66,000 duine). De réir Dhaonáireamh 2011, tá sé ar a gcumas ag 1.77 milliún duine i bPoblacht na hÉireann an Ghaeilge a labhairt. Is í an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil i bPoblacht na hÉireann í an Ghaeilge. Tá aitheantas oifigiúil aici chomh maith i dTuaisceart Éireann. Is teanga Cheilteach í an Ghaeilge. Síolraíonn na teangacha Gaelacha ón tSean-Ghaeilge. Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha scríofa is sine agus is stairiúla ar domhan. Measann a lán scoláirí go bhfuil an Ghaeilge in Éirinn le 2,500 bliain.

  
Load more