Gaeilge, Galego

Beidh Ana Belén Tajes i gceantair Chois Fharraige sa Ghaillimh, ar feadh 5 seachtainí mar chuid den togra TOSTA. Is ceoltóir í féin as Galicia.  Beidh taighde agus togra á dhéanamh aici ar amhráin bainteach leis an bhfarraige agus beidh sí ag castáil le hamhránaithe éagsúla Gaeltachta agus í anseo.  Is í an t-amhránaí clúiteach, Áine Ní Dhroighneáin, ón Spidéal, a bheidh mar mheantóir aici le linn a tréimhse in Éirinn.  Oíche Dé hAoine seo caite, chas Ana Belén le mór-amhráinithe Chonamara ag Oíche Airneáin Iorras Aithneach in Ostán Chuan Charna, agus go deimhin, cuireadh fáilte mhór roimpi.

  
Load more